| Feacht. Com. - Pleanáil Teanga nuálach. | |
|---|---|
|
|
Nollaig 2009 .Tá straitéis an Rialtais, nó dréacht straitéis an Rialtais is cirte a rá, seolta le seachtain anuas. Tá mianach san dréacht straitéís céanna agus is bunchloch maith í le bheith ag tógail uirthi. Gach rath ar an húdaír. Tá gné ar leith ag déanamh scime dhom mar sin féin agus ní fheicim móran tagairt sa chaipéis faoi. Sin an gné nósmhaireacht nó giúlán teanga. Chun go mbeidh an straitéis tairbheach ó thaobh tionchar a oibriú ar ghnáth shaoránaigh an Stáit ní miste a bheith ag diriú ar chomhgnáis nua mar ghnáthchleachtais. Seo sampla de chomhghnás nua; tá cleachtadh againn uile ar " A Chara" agus "Mise, le meas" a fheiceáil ag tús agus deireadh litreach. Is iondúil go mbionn an t-abhar eatarthu i mBéarla nó i nGaeilge, nó feicfidh tú scaití, leagan Gaeilge ar dtús agus leagan Béarla (mar chúnamh don léitheoir) i gcló níos lú faoi. Seo sampla de "dhá-theangachas" i dtuiscint an Rialtais i bhfeidhm. Níl móran tairbhe teangeolaíoch as cur chuige mar é mar nach gcuireann sé aon dua ar an léitheoir a dhul i ngleic leis an nGaeilge féin. Dá mbeadh comghnás ann, ámh, go mbeadh an litir dá-theangach leis an chéad chaibidil i nGaeilge simplí, bheadh leas na Gaeilge (an teanga atá i mbaol) á déanamh mar bheadh ar an léitheoir a dhul i ngleic léi i ndáiríre e.g bheadh sé nó sí ag foghlaim rud éigin as Gaeilge. Ins na seachatiní atá romhainn tá rún agam forbairt a dhéanamh ar an suíomh seo trí "Aitheanta na Gaeilge" a chur suas air - beidh sé mar chuspóir ag na haitheanta céanna cuidiú leis an Rialtas an straitéis beartaithe a chur i bhfeidhm. Coinnigh leathsúil ar an spás seo! Más mian leat féin cur leis na haitheanta béidh an-fháilte romhat!
Uinseann
|
| focal | baile-pleanáil-cuspoirí-fúm-nascanna-coimisinéir-teagmháil-abhar ar díol |